Jump to content

Comhdháil Snaidhm Cheilteach 2025/Buail le chéile

From Meta, a Wikimedia project coordination wiki
This page is a translated version of the page Celtic Knot Conference 2025/Knot together and the translation is 100% complete.
Celtic Knot 2025 Banner for Meta Page without dates etc.
Celtic Knot 2025 Banner for Meta Page without dates etc.
Celtic Knot
Wikimedia Language Conference
23 Meán Fómhair 2025
Online (Zoom)

🏠 Welcome

🗒️ Programme

💬 Knot together


Ar an gcéad dul síos, déan cinnte go bhfuil tú eolach ar ár Polasaí Spáis Chairdiúil. Baineann sé leis an nglao Zoom agus na bealaí sóisialta.

Bealaí sóisialta

Is comhdháil é an Snaidhm Cheilteach, is pobal é atá díograiseach faoi theangacha ar Wikipedia. Ligeann na bealaí sóisialta duit ceisteanna a chur, smaointe a roinnt faoi na seisiúin, agus comhrá a dhéanamh leis an bpobal. Seo roinnt bealaí inar féidir leat páirt a ghlacadh:

  • [Grúpa Rannpháirtithe https://t.me/+RidO3-5Y6INmZDlk (Telegram)]: an phríomháit do gach plé a bhaineann leis an gcomhdháil. Le linn na comhdhála, bí ag súil go mbeidh an cainéal seo gnóthach go leor.
  • Cainéal Fógraí (Telegram): níl an cainéal seo ach le haghaidh fógraí ó na heagraithe faoin imeacht. Is féidir leat liostáil leis le bheith ar an eolas faoi aon nuashonruithe móra a bhaineann leis an gcomhdháil.
  • [Grúpa sóisialta https://t.me/+j208gVvBDms2ZWFk (Telegram)]: is féidir leat an cainéal seo a úsáid le haghaidh plé nach mbaineann le hábhar ar bith (aimsir, bia, cait...) nó chun leanúint le plé a thógfadh an iomarca spáis ar an bpríomhchainéal plé.
  • Mastodon agus líonraí sóisialta eile ag baint úsáide as haischlibeanna: is féidir leat postáil faoin gcomhdháil agus rannpháirtithe eile a aimsiú leis an haischlib #CelticKnot2025.