Jump to content

Is Breá le Vici Bród in Éirinn/2025

From Meta, a Wikimedia project coordination wiki
This page is a translated version of the page Wiki Loves Pride Ireland/2025 and the translation is 100% complete.
Cad is 'Is Breá le Vicí Bród'?

Is feachtas grianghrafadóireachta bliantúil é 'Is Breá le Vici Bród' a cheiliúrann cultúr, stair agus pobail LGBTQIA+ ar fud an domhain trí íomhánna a chur le Cómhaoin Wikimedia agus tionscadail ghaolmhara Wikimedia ar nós Vicipéid agus Wikipedia (i mBéarla.)

I mbliana, tugaimid cuireadh do rannpháirtithe in Éirinn grianghraif a ghabháil agus a roinnt a léiríonn an saol aiteach, san am atá thart agus sa lá atá inniu ann — ó imeachtaí pobail agus paráidí go dtí sainchomharthaí stairiúla agus rudaí laethúla d’áthas, friotaíocht agus muintearas aiteach.

Beidh ceadúnas oscailte ag gabháil le gach grianghraf a chuirfear isteach agus cabhróidh siad le feabhas a chur ar léiriú topaicí LADTACI+ ar fud thionscadail Wikimedia i nGaeilge agus i mBéarla araon.

Conas Páirt a Ghlacadh?

1. Chun páirt a ghlacadh, bí cinnte léamh faoin gcomórtas ar ár suíomh gréasáin anseo
2. Cruthaigh Cuntas Úsáideora:

Mura bhfuil cuntas úsáideora agat do thionscadail Wikimedia, is féidir leat ceann a chruthú anseo.

Is féidir é seo a dhéanamh gan seoladh ríomhphoist a chur san áireamh. Mar sin féin, tá seoltaí ríomhphoist ag teastáil chun fógra a thabhairt do bhuaiteoirí, (agus ar eagla go ndéanfaidh tú dearmad ar do phasfhocal!). Ní ​​bheidh do sheoladh ríomhphoist le feiceáil ag úsáideoirí Vicipéid eile.
3. Aimsigh Ábhar:

Táimid ag lorg grianghraf a léiríonn éagsúlacht agus saibhreas na beatha LGBTQIA+ in Éirinn.

Féadfaidh siad seo a bheith san áireamh:

  • Imeachtaí Bhróid agus cruinnithe pobail
  • Leacht, leachtanna cuimhneacháin, agus láithreáin oidhreachta
  • Spásanna aeracha, san am atá thart agus sa lá atá inniu ann
  • Ealaín, gníomhaíocht, agus agóid
  • Saol laethúil, cultúr agus cruthaitheacht
4. Téigh Amach agus Glac Grianghraif!

Leis an gcomórtas seo, ba mhaith linn an pobal bríomhar agus éagsúil LADT+ a ghabháil gan cur isteach ar a gcompord agus a sábháilteacht. Cinntigh, le do thoil, go bhfuil meas agat ar phríobháideachas agus ar thoiliú na ndaoine aonair i do ghrianghraif.

Má tá tú ag grianghrafadóireacht imeachtaí nó daoine, iarr cead i gcónaí. Agus tú ag tógáil grianghraif in áiteanna poiblí, tabhair faoi deara na rialacháin áitiúla. Más mian leat grianghraif a thógáil le drón, bíodh a fhios agat na rialacháin áitiúla agus cloí leo.
5. Uaslódáil d'íomhá chuig Chómhaoin Wikimedia.

Foghlaim conas uaslódáil chuig Chómhaoin anseo.

Is féidir grianghraif a uaslódáil don chomórtas ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Lúnasa 2025. Is cuma cathain a ghlacadh na grianghraif! Bí cinnte do ghrianghraif a chlibeáil leis an gCatagóir cheart: Wiki Loves Pride 2025 in Ireland chun iontrála a chur isteach sa chomórtas.
6. Scaip an scéal agus tabhair cuireadh do chairde dul isteach ar na meáin shóisialta ag baint úsáid as an haischlib #WikiLovesPride2025. Ádh mór ort, agus cuimhnigh gur féidir leat an oiread pictiúr incháilithe agus is mian leat a uaslódáil.
Uaslódáil chuig Chomhaoin Anseo
Uaslódáil do chuid íomhánna chuig Wikimedia Commons roimh an 31 Lúnasa 2025, agus déan cinnte do ghrianghraif a chlibeáil leis an gCatagóir cheart: Wiki Loves Pride 2025 in Ireland

Cad iad na duaiseanna atá ar fáil?

1ú Áit: EUR 200
2ú Áit: EUR 100
3ú Áit: EUR 50

* All Prizes are awarded as a One4All voucher or Amazon voucher (where necessary)

Painéal Moltóireachta

Le deimhniú

Organising Team

Cailínréalta, Bainisteoir Tionscadail agus Cumarsáide Pobal Éireann Wikimedia Amy O'Riordan (sí/siad), Oifigeach Gaeilge, Pobal Éireann Wikimedia

Feachtais Idirnáisiúnta Eile

Eagraíochtaí atá páirteach

Lógó Wikimedia LGBT+
Lógó Wikimedistas de Uragua
Lógó Wikimedia Meicsiceo
Lógó Wikimedia Airgintín
Lógó Wikimedistas de Bolivia
Lógó Wikimedia Chile
Lógó Wikimedia na Colóime
Lógó WikiAcción Perú
Lógó Wikimedistas Eacuadór
Lógó Phobal Wikimedia Éireann